HIQA
Údarás neamhspleách is ea an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte a bunaíodh chun cúram ardchaighdeáin agus sábháilte a spreagadh do dhaoine a bhaineann úsáid as ár seirbhísí cúraim sláinte agus shóisialta in Éirinn.
Síneann sainchúram HIQA go dtí seo thar réimse sonrach de sheirbhísí poiblí, príobháideacha agus deonacha. Agus é ag tuairisciú don Aire Sláinte agus ag dul i dteagmháil leis an Aire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Gnóthaí Óige, is é ról HIQA caighdeáin a fhorbairt, cigireacht agus athbhreithniú a dhéanamh ar sheirbhísí cúraim sláinte agus shóisialta agus tacú le cinntí eolasacha ar conas a sholáthrófar seirbhísí.
- Má tá tú fócasaithe, spreagtha agus más mian leat do ghairm bheatha a athrú, féach ar ár ndeiseanna earcaíochta.
- Bunaíodh Bord HIQA ar 15 Bealtaine 2007. Tá sé comhdhéanta de Chathaoirleach agus stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin. Foilsímid miontuairiscí chruinnithe an Bhoird go rialta.
- D’eagraigh HIQA é féin chun teacht lena phríomhfheidhmeanna. Dá réir sin, tá roinnt stiúrthóirí ann, atá faoi stiúir agus á mbainistiú ag Foireann Bainistíochta Feidhmiúcháin.
- Gheobhaidh tú liosta anseo de ráitis airgeadais, orduithe ceannaigh agus íocaíochtaí prasa is féidir leat a íoslódáil.
- Tá polasaí ag HIQA na cinntí a dhéantar maidir le hiarratais SF neamhphearsanta a fhoilsiú. Ullmhaímid agus foilsímid an oiread faisnéise agus is féidir ar bhealach oscailte inrochtana ar bhonn rialta.
- Tá HIQA tiomanta do leanaí a chosaint i ngach réimse dá chuid oibre.
- Bhunaíomar Meabhráin Tuisceana (MOUnna) le roinnt eagraíochtaí agus comhlíonaimid nós imeachta an dea-chleachtais i soláthar poiblí.